From 11th March to Easter, the eBook of the beautifully illustrated 1916 Portraits and Lives is available as a free download*. eBook for Kindle available as a free download here.
The book’s 42 biographies of select figures from the Rising were chosen from the Royal Irish Academy’s extensive Dictionary of Irish Biography, which outlines the lives at home and abroad of prominent men and women born in Ireland, as well as the noteworthy Irish careers of those born outside Ireland.
The ebook gift is an initiative by the Royal Irish Academy, the Office of Public Works, Department of Foreign Affairs and Trade and Ireland 2016.
Edited by Lawrence William White and James Quinn, these fascinating biographies are depicted alongside artist David Rooney’s exceptional scraper-board illustrations.
Giving a broad picture of the Rising with its diversity of personalities and perspectives, the book presents not only the rebels killed during the Rising but also three Nationalist leaders who opposed the Rising; many senior figures in the British administration in Ireland in 1916; members of the British army that suppressed the Rising; as well as two historians who made considerable contributions to the scholarly debate on 1916.
An array of the women who were involved as soldiers or in other vital roles, such as Cumann na mBan and Irish Citizen Army member Mary Perolz, renowned sniper Margaret Skinnider, nurse Elizabeth O’Farrell, Dr Kathleen Lynn and labour activist and Abbey Theatre actress Helena Molony, are also given due detail.
David Rooney’s stark and compelling portraits were commissioned by the RIA and the Office of Public Works (OPW) and will become part of the State Archive.
Be sure download* your free copy of this unique eBook.
eBook for Kindle available as a free download here.
*Windows users can download viewing software here.
Ó 11ú Márta go dtí an Cháisc beidh ríomhleabhar den leabhar dea-mhaisithe 1916 Portraits and Lives ar fáil mar íoslódáil saor in aisce*. Ríomhleabhar do Kindle ar fáil le híoslódáil soar in aisce anseo.
Roghnaíodh 42 bheathaisnéis an Éirí Amach sa leabhar ó Dictionary of Irish Biography fairsing Acadamh Ríoga na hÉireann, ina leagtar amach saol sa bhaile agus thar lear fear agus ban suntasach a rugadh in Éirinn, mar aon le gairmeacha Éireannacha ar díol suntais iad a bhí ag daoine a rugadh taobh amuigh d’Éirinn.
Tionscnamh de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann, An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus Éire 2016 atá sa ríomhleabhar saor in aisce seo.
Arna chur in eagar ag Lawrence William White agus James Quinn, cuirtear na beathaisnéisí spéisiúla i láthair in aice le léaráidí iontacha scríobchláir le David Rooney.
Taispeántar pictiúr leathan den Éirí Amach lena éagsúlacht pearsantachtaí agus peirspictíochtaí, agus cuireann an leabhar i láthair ní hamháin na reibiliúnaithe a maraíodh i rith an Éirí Amach ach an triúr ceannairí Náisiúnacha a chuir i gcoinne an Éirí Amach; go leor daoine sinsearacha i riarachán na Breataine in Éirinn i 1916; baill d’arm na Breataine a chuir an tÉirí Amach faoi chois; mar aon le beirt staraithe a raibh ionchur suntasach acu sa díospóireacht scolártha maidir le 1916.
Tugtar sonraí cuí chomh maith maidir le roinnt ban a bhí páirteach mar shaighdiúirí nó i róil ríthábhachtacha eile, cosúil le ball Chumann na mBan agus Arm Cathartha na hÉireann Mary Perolz, an snípéir cáiliúil Margaret Skinnider, an t-altra Elizabeth O’Farrell, an Dr Kathleen Lynn agus an gníomhaíoch oibre agus aisteoir in Amharclann na Mainistreach Helena Molony.
Choimisiúnaigh Acadamh Ríoga na hÉireann agus Oifig na nOibreacha Poiblí na portráidí láidre agus iontacha agus beidh siad mar chuid de Chartlann an Stáit.
Déan cinnte do chuid chóip den leabhar sainiúil seo a íoslódáil*.
Ríomhleabhar do Kindle ar fáil le híoslódáil soar in aisce anseo.
Is féidir úsáideoirí Windows bogearraí féachana a íoslódáil anseo.