Oifig an Choimisinéara Teanga Oifig an Choimisinéara Teanga


Oifig an Choimisinéara Teanga is an independent statutory Office which is charged with monitoring the implementation of the Official Languages Act 2003 as well as investigating complaints from the public in relation to the availability of State services in Irish.

Oifig neamhspleách reachtúil í Oifig an Choimisinéara Teanga a bhfuil de chúram uirthi monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla mar aon le fiosrú a dhéanamh ar ghearáin ón bpobal i dtaobh easpa seirbhísí Stáit trí Ghaeilge.

Oifig an Choimisinéara Teanga intends to host an international conference on language rights as part of the Centenary Celebrations of the Easter Rising 1916. Language Commissioners from all parts of the globe will attend the conference which will be held in Galway at the beginning of March 2016.

A public lecture on the theme of the status of Irish since the foundation of the State will form part of the conference and thus link the conference to the commemoration of the Easter Rising. As well as the public lecture, it is intended that the various Language Commissioners will provide an update on language rights in their own jurisdictions. Finally, the status of Irish will be examined by academics over the course of the conference which will last for three days.

Tá sé i gceist ag Oifig an Choimisinéara Teanga comhdháil idirnáisiúnta a reáchtáil ar chearta teanga mar chuid den Chlár Comórtha 100 bliain ar Éirí Amach na Cásca 1916. Beidh Coimisinéirí Teanga ó gach cearn den domhan i láthair ag an gcomhdháil a thionólfar i nGaillimh ag tús mhí an Mhárta 2016.

Eagrófar léacht phoiblí ar théama a bhaineann le staid agus stádas na Gaeilge ó bhunú an Stáit mar chuid den chomhdháil seo agus dá réir ag nascadh leis an gcomóradh ar an Éirí Amach. Chomh maith leis an léacht phoiblí, tá sé i gceist go dtabharfaidh na Coimisinéirí Teanga éagsúla cuntas ar chúrsaí cearta teanga ina ndlínsí féin. Ina theannta sin tabharfar léargas acadúil ar staid na Gaeilge le linn na comhdhála a thionólfar thar trí lá.

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.