The events of 1916 and the decade leading to independence in 1922 was a seminal period in Irish history. As a cultural institution it befits the National Concert Hall best to reflect on the events and the intervening century through culture, music and the arts.
Inspired by themes from the 1916 Proclamation of Independence, Imagining Home is a series of seven performances that explore Ireland’s relationship with itself and the outside world in a contemporary and historical context.
Imagining Home gathers some of Ireland's leading musicians, writers, thinkers and acclaimed international artists to celebrate Ireland’s cultural life.
Later in the year, in association with Bord na Mona and RTÉ, the National Concert Hall will take a more literal look at the last 100 years in ‘Composing the Island’: Ireland as reflected in classical music and the work of composers here since 1916.
The National Concert Hall will also be presenting a musical portrait of contemporary Dublin, its river and port in a project supported by Dublin Port, which invites a creative response to the city, 100 years on, from a range of contemporary singer/songwriters.
School-goers will also be invited to write a song for today’s multi-cultural, European Ireland.
For more information visit www.nch.ie
Ba thréimhse thar a bheith tábhachtach i stair na hÉireann a bhí in imeachtaí 1916 agus sna deich mbliana roimh an neamhspleáchas i 1922. Mar fhoras cultúrtha is dual don Cheoláras Náisiúnta machnamh a dhéanamh ar na himeachtaí agus ar an gcéad bliain ó shin trí chultúr, trí cheol agus trí na healaíona.
Le hinspioráid ó théamaí Fhorógra na Saoirse 1916, sraith seacht dtaibhiú atá in Ag Samhlú an Bhaile ina bhfiosraítear caidreamh na hÉireann léi féin agus leis an domhan mór i gcomhthéacs comhaimseartha agus stairiúil.
Tugtar roinnt de na ceoltóirí, scríbhneoirí, smaointeoirí agus ealaíontóirí Éireannacha is mó le rá agus a bhfuil meas idirnáisiúnta orthu le chéile in Ag Samhlú an Bhaile chun ceiliúradh a dhéanamh ar shaol cultúrtha na hÉireann.
Níos déanaí sa bhliain sin, i gcomhair le Bord na Móna agus le RTÉ, féachfaidh an Ceoláras Náisiúnta ar bhealach níos litriúla ar an 100 bliain seo caite in ‘An tOileán a Chumadh’: Éire, arna léiriú i gceol clasaiceach agus i saothar na gcumadóirí anseo ó 1916.
Beidh an Ceoláras Náisiúnta ag cur portráid cheoil de Bhaile Átha Cliath comhaimseartha, a abhainn agus a phort i láthair i dtionscadal a dtacaíonn Port Bhaile Átha Cliath leis, ina dtugtar cuireadh do fhreagra cruthaitheach don chathair, 100 bliain níos déanaí, ó réimse amhránaithe/scríbhneoirí amhrán comhaimseartha.
Tabharfar cuireadh do leanaí scoile chomh maith chun amhrán a scríobh i gcomhair Éireann ilchultúrtha, Eorpaí an lae inniu.
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar www.nch.ie