The Ireland 2016 commemorations programme is being organised by the Embassy of Ireland in London, Culture Ireland and the Irish Consulate in Edinburgh and they are working with partners on a range of flagship events and a wide array of projects for 2016. The programme in Britain of creative, community and commemorative events is to mark the centenary of the Easter Rising and historical events of 1916.
The programme was launched at the Embassy on 23 November 2015 by Minister for Foreign Affairs and Trade Charlie Flanagan. The Ireland 2016 programme will take place in venues across Britain – from institutions of major cultural significance like the Southbank Centre, Wigmore Hall and the Barbican, to community spaces from Glasgow to Camden to Liverpool.
Tá an clár cuimhneacháin Éire 2016 á eagrú ag Ambasáid na hÉireann i Londain, Cultúr Éireann agus Consalacht na hÉireann i nDún Éideann agus tá siadsan ag obair le comhpháirtithe ar réimse imeachtaí suaitheanta agus ar chuid mhór tionscadal éagsúil i gcomhair na bliana 2016. Tá clár imeachtaí cruthaitheacha, imeachtaí pobail agus imeachtaí cuimhneacháin sa Bhreatain ceaptha i gcomhair chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca agus eachtraí stairiúla na bliana 1916.
Is é an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan, a sheol an clár sin ag an Ambasáid ar an 23 Samhain 2015. Beidh an clár Éire 2016 ar siúl in ionaid ar fud na Breataine – idir institiúidí a bhfuil
tábhacht mhór chultúrtha ag baint leo ar nós an Southbank Centre, Wigmore Hall agus an Barbican, agus spásanna pobail ó Ghlaschú go Camden go Learpholl.