Dublin City Gallery: The Hugh Lane Dublin City Gallery: The Hugh Lane

Hugh Lane

The Hugh Lane is Ireland’s foremost gallery of Modern and Contemporary Art. The original collection, donated in 1908 by Hugh Lane, showcases impressionist masterpieces and works by leading contemporary artists.

Is é an Hugh Lane príomhghailearaí na hÉireann le haghaidh Ealaín Nua-aimseartha agus Chomhaimseartha. Dheonaigh Hugh Lane an bunbhailiúchán sa bhliain 1908. Sa bhailiúchán sin tá máistirshaothair impriseanaíocha agus saothair le mórealaíontóirí comhaimseartha.

This year Dublin City Gallery The Hugh Lane presents a series of exhibitions which have as their central theme, the Artist as Witness in Society. The exhibitions contribute significantly to contemporary appraisals of historical and current political and social issues. Diverse in practice, from painting to installation, each exhibition provides a unique voice and illuminates the relevant role the artist plays as a witness in society.

The exhibition programme includes “High Treason”, exploring the life and death or Roger Casement, and “Our Kind”, a contemporary response to the events by artist Alan Phelan. These exhibitions provide a platform for a rich special evening in-focus lecture series. The series will expand on the catalogue for these exhibitions, and will reflect on and consider: the role of the artist as a lens on society, Casement himself as a humanitarian, the historical context, the legal context of the trial, the black diaries, and the what ifs. Upcoming speakers in the series include Angus Mitchell, Sinéad McCoole, Jeffrey Dudgeon, Mr Justice Donal O’Donnell, and Chris Clarke and Alan Phelan in conversation.

For 2016 Dublin City Gallery The Hugh Lane will deliver a rich and varied education programme that will expand on, delve deeper into, respond to and provide access points into our exhibitions programmes, the Gallery’s Collection and its unique position as a modern and contemporary art institution in Dublin city.

 

 

Cuireann Gailearaí Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath sraith taispeántas i láthair i mbliana arb é an téama lárnach atá acu ná an tEalaíontóir mar Fhinné sa tSochaí. Cuireann na taispeántais go mór le breithmheas comhaimseartha ar shaincheisteanna polaitiúla agus sóisialta, idir stairiúil agus reatha. Ag plé le téamaí éagsúla, ó phéintéireacht go healaín suiteála, cuireann gach taispeántas guth uathúil ar fáil agus tugann chun solais an ról ábhartha atá ag an ealaíontóir mar fhinné sa tsochaí.

Mar chuid den chlár taispeántas tá “High Treason” ina gcíortar beatha agus bás Roger Casement, agus “Our Kind”, freagra comhaimseartha ar na himeachtaí leis an ealaíontóir Alan Phelan. Cuireann na taispeántais seo ardán ar fáil le haghaidh sraith speisialta de léachtaí tráthnóna. Leathnóidh an tsraith amach an chatalóg le haghaidh na dtaispeántas seo, agus déanfar machnamh ar ról an ealaíontóra mar shúil ar an tsochaí, ar Casement féin mar dhaonnúlach, ar an gcomhthéacs stairiúil, ar chomhthéacs dlí na trialach, ar na dialanna dubha, agus ar na rudaí a d'fhéadfadh tarlú ach nár tharla. I measc na gcainteoirí sa tsraith beidh Angus Mitchell, Sinéad McCoole, Jeffrey Dudgeon, an Breitheamh Donal O’Donnell, agus Chris Clarke agus Alan Phelan i gcomhrá.

Le haghaidh 2016 cuirfidh Gailearaí Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath clár oideachais saibhir agus ilchineálach ar siúl, clár a chuirfidh lenár gclár taispeántas, le Bailiúchán an Ghailearaí agus lena stádas uathúil mar institiúid ealaíne nua-aimseartha agus chomhaimseartha i gcathair Bhaile Átha Cliath. Ina theannta sin, cíorfaidh an clár iad sin ar bhealach níos doimhne, freagróidh sé dóibh agus tabharfaidh sé deis do dhaoine iad a bhlaiseadh.

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.