As part of the Government’s overall Ireland 2016 programme, Ireland’s Embassies and Consulates, together with Culture Ireland, will be highlighting the best of Irish arts and culture worldwide as a means to explore, present, debate and reflect on Ireland then, now and to imagine the next 100 years. We are encouraging Ireland’s diaspora and our international friends to get involved in events taking place in cities from Buenos Aires to Paris and New York to Rome to mark the centenary of the Easter Rising, including its international dimensions.
Highlights will include:
· In partnership with the Embassy of Ireland to the United States, a three-week festival of Irish arts and culture entitled ‘Ireland 100: Celebrating a Century of Irish Arts and Culture’ at the John F. Kennedy Center for the Performing Arts in Washington D.C.
· A concert featuring Irish classical musicians and singers at the renowned Wigmore Hall venue in London in April 2016
· Schools’ essay and art competitions and a ‘Gaelic Football Blitz’ organised by the Irish Embassy in Buenos Aires from March to July 2016.
· A series of performances of Seán O’Casey’s The Plough and the Stars during the annual St Patrick’s Day Festival in Sydney.
· A ‘Sixteen16’ centennial programme at Paris International Beckett Festival throughout March 2016 involving performances by sixteen Irish artists or artistic groups from Ireland’s theatre, dance, literature, visual arts, music and film sectors.
· Performances by Macnas at the 2016 South by South West Festival in Austin, Texas.
Mar chuid de chlár iomlán an Rialtais i leith Éire 2016, leagfaidh Ambasáidí agus Consalachtaí na hÉireann, mar aon le Cultúr Éireann, béim ar scoth na n-ealaíon agus an chultúir Éireannaigh ar fud an domhain mar shlí chun Éire san am sin agus Éire sa lá atá inniu ann a iniúchadh, a chur i láthair, a phlé agus a mhachnamh agus chun Éire sna 100 bliain amach romhainn a shamhlú. Táimid ag spreagadh dhiaspóra na hÉireann agus ár gcairde idirnáisiúnta le bheith páirteach in imeachtaí a bheidh ar siúl i gcathracha ó Buenos Aires go Páras agus ó Nua-Eabhrac go dtí an Róimh chun comóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca, lena n-áirítear a ghnéithe idirnáisiúnta, a cheiliúradh.
Beidh siad seo a leanas i measc na mbuaicphointí:
· I gcomhar le hAmbasáid na hÉireann go dtí na Stáit Aontaithe, féile trí seachtaine d’ealaíona agus de chultúr na hÉireann dar teideal ‘Ireland 100: Celebrating a Century of Irish Arts and Culture’ (‘Éire 100: Céad Bliain d’Ealaíona agus de Chultúr na hÉireann a Cheiliúradh’) in Ionad John F. Kennedy le haghaidh na nEalaíon Taibhiúcháin in Washington D.C.
· Ceolchoirm ina mbeidh amhránaithe agus ceoltóirí clasaiceacha Éireannacha san ionad iomráiteach Wigmore Hall i Londain in Aibreán 2016.
· Comórtais aiste agus ealaíne do scoileanna agus ‘Blitzchomórtas sa Pheil Ghaelach’ arna eagrú ag Ambasáid na hÉireann in Buenos Aires idir Márta agus Iúil 2016.
· Sraith léirithe ar ‘The Plough and the Stars’ le Seán O'Casey le linn na Féile bliantúla do Lá Fhéile Pádraig in Sydney.
· Clár comórtha céad bliain ‘Sixteen16’ ag Féile Idirnáisiúnta Beckett Pháras i rith mhí an Mhárta 2016 ina mbeidh léirithe le seisear déag ealaíontóirí Éireannacha nó grúpaí ealaíne ó earnálacha amharclainne, damhsa, litríochta, amharcealaíon, ceoil agus scannán na hÉireann.
· Léirithe le Macnas ag Féile South by Southwest 2016 in Austin, Texas.