Department of Education & Skills An Roinn Oideachais agus Scileanna


The Department of Education and Skills (DES) is coordinating the education sector input into the ‘Ireland 2016 Centenary Programme’, the Government’s programme to commemorate the centenary of 1916.

Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna chun comhordú a dhéanamh ar ionchur na hearnála oideachais in ‘Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain’, clár an Rialtais chun comóradh céad bliain 1916 a chomóradh.

A number of initiatives and programmes are planned to commemorate 1916, celebrate Ireland in 2016, and imagine Ireland in the future. Primary and post-primary schools are invited to participate in the programme of initiatives that appeal to them, and to the greatest extent possible.

Participation in ‘Ireland 2016’ initiatives is entirely voluntary. However, given the national and international nature of the programme, we would strongly encourage schools to consult with their students, through student councils or other means, and parents when planning their activities for 2016, and try to get as many young people involved as possible.

Tá roinnt tionscnamh agus clár beartaithe chun comóradh a dhéanamh ar 1916, chun Éire in 2016 a cheiliúradh, agus Éire a shamhlú sa todhchaí. Tugtar cuireadh do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna a bheith rannpháirteach sa chlár tionscnamh a thaitníonn leosan, agus a oiread agus is féidir leo.

Is faoi na scoileanna féin a bheith rannpháirteach in ‘Éire 2016’. Mar sin féin, mar gheall gur clár náisiúnta agus idirnáisiúnta atá i gceist, mholfaimis go láidir do scoileanna dul i gcomhairle lena ndaltaí, trí chomhairlí scoláirí nó ar bhealaí eile, agus le tuismitheoirí nuair a bheidh siad ag pleanáil a gcuid gníomhaíochtaí le haghaidh 2016, agus iarracht a dhéanamh an oiread daoine óga agus is féidir a mhealladh le bheith rannpháirteach.

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.