At the launch of ‘Macalla 1916’ An Echo of the Past-A Vision for the future, the Comhaltas 1916 Centenary Programme, Ardstiurthóir CCÉ Senator Labhrás Ó Murchú placed the Comhaltas contribution to Ireland 1916 in its appropriate cultural context: ‘Our cultural identity was central to the aspirations and motivation of the 1916 Easter Rising. This was evident in the poetry, songs and writings of the leadership and others. This is encapsulated in the slogan ‘Éire ní hamháin saor ach Gaelach comh maith’. This cultural emphasis is reflected in the ethos of Comhaltas and will define our extensive centenary programme at home and worldwide’.
Among the highlights of the Comhaltas programme are the following: Comhaltas have commissioned Michael Rooney to compose a suite to commemorate 1916; Fleadhanna ceoil, including Fleadh Cheoil na hÉireann; the Comhaltas Seisiún programme; and the Comhaltas Concert Tours of Ireland, Britain and North America for 2016, which will incorporate specific 1916 commemorative aspects.
Chuir an Seanadóir Labhrás Ó Murchú, Ard-Stiúrthóir CCÉ, cion Chomhaltais le hÉire 1916 i gcomhthéacs cultúrtha cuí ag seoladh ‘Macalla 1916’, Macalla ón Am a Chuaigh Thart, Fís don Todhchaí, Clár Comórtha Céad Bliain 1916 Chomhaltas: ‘Bhí ár bhféiniúlacht chultúrtha i gcroílár spriocanna agus spreagadh Éirí Amach na Cásca 1916. Bhí sé seo soiléir i bhfilíocht, in amhráin agus i saothair scríbhneoireachta na gceannairí agus daoine eile. Cuireann an mana ‘Éire ní hamháin saor ach Gaelach chomh maith’ an méid seo in iúl. Tá an bhéim seo ar chultúr le feiceáil in éiteas Chomhaltais agus beidh tionchar mór ag an gcultúr ar ár gclár fairsing comórtha céad bliain in Éirinn agus ar fud an domhain.’
Beidh na himeachtaí seo a leanas i measc bhuaicphointí chlár Chomhaltais: Choimisiúnaigh Comhaltas Michael Rooney le sraith ceoil a chumadh le 1916 a chomóradh; Fleadhanna ceoil, Fleadh Cheoil na hÉireann san áireamh; clár Seisiún Chomhaltais; agus beidh gnéithe áirithe de chomóradh 1916 mar chuid de Chamchuairt Cheolchoirme Chomhaltais in Éirinn, sa Bhreatain agus i Meiriceá Thuaidh sa bhliain 2016.