This May in New York City, celebrate 100 years of Irish culture in America and around the world for free with Salon Éire 100, a series of salons featuring an inspiring and varied range of artistic works and performances designed to reflect on and rejoice in Ireland’s global influence.
Produced by Alison McKenna with the support of Culture Ireland as part of its 2016 Centenary Programme, Salon Éire is chock full of cultural highlights, including an evening of piano compositions - from 1916 to today - performed by celebrated Irish pianist Conor Linehan, and a soul-stirring performance of critically acclaimed drama Rebel, Rebel, starring Aisling O'Mara. Photography, literature, music, poetry and art will also feature across the programme of carefully curated events.
Salons and performances will take place across New York City, from the American Irish Historical Society on Fifth Avenue to the New York Public Library for the Performing Arts at Lincoln Center, and other spaces in between.
Performances will run until June 26th.
All events are free to attend, but reservations are required.
For more information about Salon Éire, see here, or to see a full schedule and make reservations, visit Salon Éire 100 online.
I mí na Bealtaine i gCathair Nua-Eabhrac, gheobhaidh tú deis comóradh a dhéanamh ar 100 bliain de chultúr na hÉireann i Meiriceá agus ar fud an domhain agus é go léir saor in aisce in Salon Éire 100, sraith salón ina gcuimsítear raon inspreagtha agus éagsúil de shaothar agus de léiriúcháin ealaíonta a dearadh chun léiriú a thabhairt ar thionchar domhanda na hÉireann agus é a cheiliúradh.
Á léiriú ag Alison McKenna le tacaíocht ó Chultúr Éireann mar chuid dá Chlár Comórtha Céad Bliain 2016, beidh go leor buaicphointí cultúrtha le feiceáil in Salon Éire, lena n-áirítear tráthnóna de chumadóireacht ar an bpianó ó 1916 go dtí inniu – á léiriú ag an bpianódóir Éireannach clúiteach Conor Linehan, agus léiriú den dráma a fuair moladh ó na léirmheastóirí Rebel, Rebel, ina bhfuil Aisling O’Mara, dráma a rachaidh i gcion go mór ort. Beidh grianghrafadóireacht, litríocht, ceol, filíocht agus ealaín freisin mar chuid den chlár imeachtaí a mbeidh coimeádaíocht chúramach déanta air.
Beidh na salóin agus na léiriúcháin ar siúl ar fud Chathair Nua-Eabhrac, i gCumann Staire Mheiriceánach na hÉireann ar Fifth Avenue agus i Leabharlann Phoiblí Nua-Eabhrac le haghaidh na dTaibhealaíon in Lincoln Center, agus in áiteanna eile nach iad.
Beidh na léiriúcháin ar siúl go dtí an 26 Meitheamh.
Tá saorchead isteach chuig na himeachtaí ar fad, ach ní mór áiteanna a chur in áirithe.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Salon Éire, féach anseo, nó chun sceideal iomlán a fheiceáil agus áirithintí a dhéanamh, téigh chuig Salon Éire 100 ar líne.