Launched today by An Taoiseach, Enda Kenny TD, Minister for Arts, Heritage, Regional Rural and Gaeltacht Affairs, Ms Heather Humphreys TD and Minister for Public Expenditure and Reform, Paschal Donohoe TD at the National Gallery of Ireland, the Creative Ireland Programme is a collaboration – between central and local government, between culture and industry, between artists and policy makers – to facilitate a thriving ecosystem of creativity.
This exciting and ambitious undertaking is inspired by the extraordinary public response to the Centenary: the thousands of events, largely culture-based, and unprecedented public participation that brought us together in shared reflections on identity, culture and citizenship that combined history with arts, heritage and language.
This five-year plan, from 2017 to 2022, encompasses five distinct pillars:
1) Enabling the Creative Potential of Every Child
2) Enabling Creativity in Every Community
3) Investing in our Creative and Cultural Infrastructure
4) Ireland as a Centre of Excellence in Media Production
5) Unifying our Global Reputation
Creative Ireland’s aim is to mainstream creativity in the life of the nation so that individually and collectively, in our personal lives and in our institutions, we can realise our full creative potential.
Putting into action the priorities identified in Culture 2025/Éire Ildánach, the draft cultural policy published by the Minister for Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs in July 2016, Creative Ireland will foster a vibrant cultural ecosystem that will enrich the lives of generations to come.
Find out more about Creative Ireland here.
Ba iad an Taoiseach, Enda Kenny TD, an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD a sheol an clár inniu i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann. Comhoibriú atá i gClár Éire Chruthaitheach idir an rialtas láir agus áitiúil, idir lucht an chultúir agus lucht an tionscail, idir ealaíontóirí agus lucht déanta beartas, chun freastal ar éiceachóras cruthaitheachta a bhfuil borradh faoi.
Is í freagairt ollmhór an phobail ar an gComóradh Céad Bliain a spreag an tionscnamh spreagúil uaillmhianach seo: na mílte imeacht (bunaithe ar an gcultúr den chuid ba mhó) agus rannpháirtíocht an phobail nach bhfacthas riamh cheana a thug le chéile muid i machnaimh chomhroinnte ar an bhféiniúlacht, ar an gcultúr agus ar an tsaoránacht inar nascadh an stair leis na healaíona, leis an oidhreacht agus leis an teanga.
Cúig cholún ar leith atá sa phlean cúig bliana seo don tréimhse 2017-2022:
1) Acmhainneacht chruthaitheach gach linbh a chumasú
2) An chruthaitheacht a chumasú i ngach aon phobal
3) Infheistíocht inár mbonneagar cruthaitheach agus cultúrtha
4) Éire mar ionad barr feabhais sa léiriú meán
5) Ár gcáil dhomhanda a aontú
Is é is aidhm le ‘Éire Chruthaitheach’ an chruthaitheacht a chur ag croílár an náisiúin chun gur féidir linne, mar dhaoine aonair agus inár n-institiúidí, ár n-acmhainneacht chruthaitheach iomlán a bhaint amach.
Trí na tosaíochtaí a aithníodh in Cultúr 2025/Éire Ildánach, an dréachtbheartas cultúir atá foilsithe ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta in Iúil 2016, a chur i ngníomh, cothóidh Éire Chruthaitheach éiceachóras cultúrtha beoga lena saibhreofar saol na nglún atá le teacht.
Tá tuilleadh eolais ar Éire Chruthaitheach le fáil anseo.