485 people lost their lives during the Easter Rising. According to official research conducted by Glasnevin Cemetery, the majority of these fatalities were among civilians, while over 100 British forces and more than 50 rebels were also killed.
Civilian women and children caught in the crossfire were tragically slain, but it was young men who made up the majority of lives lost, and the military casualties were heavily one-sided, with the British losing nearly double the number of soldiers.
Despite the apparent victory these numbers represented for the Irish rebels, the fighting was eventually brought to a halt by the Irish as casualties mounted over the course of Easter week 1916.
In this centenary year, commemorations have been made to honour all lives lost during the Rising, and on May 26th a ceremony will take place at Grangegorman Military Cemetery in honour of the British soldiers who met their demise during the rebellion. Many of these men, called in from abroad once news of the uprising reached England, would never return home.
Thursday’s invitation-only ceremony will include readings of historical accounts, music and prayer. A solemn wreath-laying will take place, followed by a minute of silent reflection and a piper’s lament. The National Flag will then be raised to full mast.
For more information on this event, see here.
Cailleadh 485 duine i rith Éirí Amach na Cásca. Dar le taighde oifigiúil a rinne Reilig Ghlas Naíon, ba shibhialtaigh a bhí i bhformhór na ndaoine a bhásaigh, agus maraíodh os cionn 100 saighdiúir ón mBreatain agus níos mó ná 50 reibiliúnach.
Sáinníodh mná agus leanaí sibhialtacha sa chroslámhach agus maraíodh go tragóideach iad, ach fir óga den chuid is mó a cailleadh, agus bhí na taismigh mhíleata ar thaobh amháin den chuid ba mhó, agus cailleadh beagnach dhá oiread an líon saighdiúirí ón mBreatain.
D’ainneoin an bua a thug na huimhreacha seo le fios do reibiliúnaithe na hÉireann, chuir na hÉireannaigh stop leis an troid ar deireadh mar gheall ar an líon daoine a cailleadh i rith sheachtain na Cásca 1916.
I mbliain an chomóradh céid seo, tá comóradh ar siúl chun ómós a léiriú do na daoine ar fad a bhásaigh i rith an Éirí Amach, agus ar an 26 Bealtaine reáchtálfar searmanas ag Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin in onóir na saighdiúirí ón mBreatain a cailleadh i rith an éirí amach. Ní fhillfeadh go leor de na fir seo, a tháinig isteach as thar lear nuair a shroich scéal an éirí amach Sasana, abhaile riamh.
Mar chuid de shearmanas an Déardaoin, a reáchtálfar ar bhonn cuireadh amháin, beidh léamha de chuntais stairiúla, ceol agus paidreacha. Beidh searmanas sollúnta fleascleagain agus ina dhiaidh sin beidh nóiméad ciúin machnaimh agus caoineadh píobaire. Ansin ardófar an Bhratach Náisiúnta ar lánchrann.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin ócáid, féach anseo.