Galway-Mayo Institute of Technology invites you to join us in this special programme of events as part of Ireland 2016, the official state programme to mark the centenary anniversary of the 1916 Rising. Our multifaceted programme of over 50 events extends to all of our campuses, to local communities and beyond. Among the range of activities taking place are the following: commemorative ceremonies, cultural activities, musical performances, a concert, re-enactments, receptions, a tribute dinner, an inter-faith service, a GAA match, book and booklet launches, a pop-up bookshop and cinemobile, exhibitions, fieldtrips, a design and creative arts competition, awards of bursaries and scholarships, outreach activities, an active learning seminar and a seven-week public lecture series to celebrate the provision of 21 years of heritage studies education. We look forward to welcoming you as the institute embarks on a journey of remembrance, reflection and reimagination.
Dr Mark McCarthy
Lecturer & Programme Chair
in Heritage Studies
1916–2016 Centenary Programme Coordinator
*For updates and details of new events throughout 2016, see: www.gmit.ie/1916
Tugann Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe- Maigh Eo cuireadh duit a bheith páirteach linn sa chlár suaithinseach imeachtaí seo mar chuid d’Éire 2016, an clár oifigiúil stáit a dhéanann comóradh céad bliain ar Éirí Amach 1916. Baineann ár gclár ilchineálach, a bhfuil os cionn 50 imeacht ann, le gach ceann d’ár gcampais, le pobail áitiúla agus le níos faide i gcéin. Tá siad seo a leanas ar na gníomhaíochtaí a bheidh ag tarlú: searmanais chomórtha, gníomhaíochtaí cultúrtha, imeachtaí ceoil, ceolchoirm, athghníomhú imeachtaí stairiúla, fáiltithe, dinnéar ómóis, seirbhís idirchreidmheach, cluiche CLG, seoladh leabhar agus leabhrán, preabshiopa leabhar agus pictiúrlann ghluaisteach, taispeántais, turais pháirce, comórtas deartha agus ealaíon cruthaitheach, bronnadh sparántachtaí agus scoláireachtaí, gníomhaíochtaí for-rochtana, seimineár foghlama gníomhaí agus sraith léachtaí poiblí a mhairfidh seacht seachtaine mar cheiliúradh ar sholáthar 21 bliain den oideachas oidhreachta. Táimid ag súil le fáilte a chur romhat de réir mar a thugann an institiúid aghaidh ar chuimhneamh, ar smaointeoireacht agus ar athshamhlú.
Dr Marcus MacCárthaigh
Léachtóir & Cathaoirleach Cláir
sa Léann Oidhreachta Comhordaitheoir ar an gClár um Chomóradh Céad Bliain 1916–2016
*Más suim leat an t-eolas is deireanaí agus mionsonraí na n-imeachtaí nua i rith 2016, féach: www.gmit.ie/1916